Anns an t-sreath seo, bidh sinn a’ coimhead air sàr-laoich a rinn adhartas mòr ann an teicneolas nan cànanan gàidhealach. Airson a’ chiad agallaimh, cha b’ urrainn dhuinn na b’ fheàrr fhaighinn na ‘n t-Ollamh Kevin Scannell à Oilthigh San Louis, anns na Stàitean Aonaichte. Tha Kevin air an t-uabhas de ghoireasan a chur a-mach airson nan trì cànanan Gàidhlig, agus tha e o chionn ghoirid air duais Fulbright fhaighinn gus goireasan airson Gàidhlig na h-Èireann a chruthachadh a chleachdas teicneolas niùrail agus ionnsachadh domhainn. Mòran taing do Kevin a bhith deònach an t-agallamh seo a dhèanamh.

In this series, we look at heroes of language technology who have made significant progress for the Gaelic languages. For the first interview, we couldn’t do better than Professor Kevin Scannell of St. Louis University (USA). Kevin has produced a vast number of resources for the three Gaelic languages (Gaelic, Irish and Manx), and has recently been awarded a Fulbright Award (2019) to develop tools for Irish Gaelic that utilise neural networks and deep learning techniques. Many thanks to Kevin for agreeing to do this interview with us. 

We’re presenting some of these interviews in a Gaelic or Irish only format. If required, they can be translated to English using Google Translate.  

Agallamh leis an Ollamh Kevin Scannell

Interview with Professor Kevin Scannell

An tOllamh Kevin Scannell

Tá Kevin Scannell ina Ollamh le Matamaitic agus Ríomheolaíocht in Ollscoil San Louis, Missouri. Oibríonn sé i gcomhar le grúpaí ar fud an domhain le hacmhainní ríomhaireachta a fhorbairt a chuidíonn leo a dteanga dhúchais a úsáid ar líne. Tá suim ar leith aige sa Ghaeilge agus sna teangacha Ceilteacha eile; tá gramadóir, litreoir, agus teasáras Gaeilge forbartha aige, chomh maith le foclóirí agus inneall aistriúcháin Gàidhlig-Gaelg-Gaeilge.  Glacann sé páirt i dtogra a sholáthraíonn leaganacha Gaeilge de roinnt táirgí ríomhaireachta mór-le-rá: Mozilla Firefox, LibreOffice, Gmail, agus Twitter mar shampla. I 2011, bhunaigh sé an suíomh Indigenous Tweets chun mionteangacha agus teangacha dúchasacha a chur chun cinn sna meáin shóisialta.

“Cá as tú agus cá bhfuair tú Gaeilge ar dtús?”

Is as Bostún Mheiriceá mé ó dhúchas. Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge i Meiriceá sa 1990idí, i m’aonar, ó leabhair agus ó fhoclóirí. Bhí go leor eolais agam ar litríocht na Gaeilge agus gramadach na Gaeilge ach ní raibh mé compordach leis an teanga labhartha ar feadh blianta fada. Thosaigh mé ag teacht go hÉirinn thart ar 2006 agus tháinig feabhas ar mo chumas labhartha de réir a chéile.

“Cad a thug ort oibriú le teicneolaíocht na teanga? Conas a thosaigh tú sa réimse seo?”

Go bunúsach, thosaigh mé ar an obair seo mar gheall ar na riachtanais a bhí ormsa féin mar fhoghlaimeoir. Sna 1990idí, ghlac mé páirt sna liostaí r-phoist Gaelic-L agus Gaeilge-A agus bhí díomá orm nach raibh seiceálaí litrithe ar fáil. Mar a tharlaíonn sé, bhí mé ag bailiú bunachar sonraí foclóireachta mar chuid de mo phróiseas foghlamtha. Ní raibh mórán oibre i gceist seiceálaí litrithe a chruthú as sin — bá é sin GaelSpell — foilsíodh an chéad leagan 20 bliain ó shin. Ní raibh aon saineolas agam ar an réimse seo ag an am — bhí mé i mo mhatamaiticeoir, ach bhí scileanna ríomhaireachta sách maith agam. Agus ba léir dom ag an am gurbh fhiú corpas a thógáil chun cabhrú liom an bunachar foclóireachta a thógáil níos sciobtha, agus le bheith cinnte go raibh na focail is coitianta agam. Bhailigh mé b’fhéidir milliún focal Gaeilge ón Idirlíon sna 90idí, agus lean mé ar aghaidh leis an obair sin (i dteangacha eile freisin), agus anois tá níos mó ná 200 milliún focal sa gcorpas Gaeilge ar mo ríomhaire!

“I measc na dtionscadal teicneolaíochta a raibh tú páirteach iontu, cé acu ceann ba thábhachtaí nó ba thaitneamhaí duit?”

Creid nó ná creid, déarfainn gurb é GaelSpell an tionscadal is tábhachtaí (de réir líon daoine atá ag baint úsáid as) cé nach bhfuil sé róspéisiúil ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta. Rinne mé seiceálaí gramadaí darb ainm An Gramadóir freisin, agus bíonn go leor daltaí scoile agus mac léinn ollscoile á úsáid chun aistí a sheiceáil. Ach an ceann is tábhachtaí dar liomsa ná “An Caighdeánaitheoir”, tionscadal nach bhfuil i mbéal an phobail ar chor ar bith. Rud thar a bheith simplí atá ann — déanann sé caighdeánú ar litriú agus ar ghramadach téacsanna Gaeilge a bhí scríofa roimh an gCaighdeán Oifigiúil. D’fhoilsigh Rialtas na hÉireann mórán leabhar Gaeilge sna 1930idí, ach úsáidtear an seanlitriú iontu (agus an seanchló chomh maith). Mar sin, tá sé i bhfad níos deacra tairbhe a bhaint astu i gcúrsaí NLP, mar shampla, agus bíonn fadhbanna ag an foclóirithe Gaeilge cuardach a dhéanamh sna téacsanna seo.

Leaganacha den fhocal “Gaeilge” sa chorpas

Tá an tionscadal foclóireachta focloir.ie (An Gúm) agus Foclóir na Nua-Ghaeilge (Acadamh Ríoga na hÉireann) ag baint úsáid as an gCaighdeánaitheoir. Agus is féidir é a úsáid chun seantéacsanna a réiteach do lucht léitheoireachta sa lá atá inniu ann, daoine nach bhfuil cleachta leis an seanlitriú. Tá sé sin déanta agam le roinnt seanleabhar.

“Cad iad cuid de na fadhbanna le teicneolaíocht a fhorbairt do mhionteanga mar an Ghaeilge?”

Ba mhaith liom tuilleadh daoine óga a mhealladh chun obair a dhéanamh sa réimse. Tá grúpaí taighde ann in áiteanna éagsúla in Éirinn (DCU, Trinity, NUIG go háirithe) agus bíonn mic léinn máistreachta/PhD acu anois is arís, ach ní leor é sin chun an obair a chur ar bhonn slán fadtéarmach. Ba chóir do Rialtas na hÉireann infheistíocht mhór a dhéanamh sna grúpaí sin (agus i gcinn eile nach iad!); níos mó mac léinn, léachtóirí, ollúna, srl. Tá na daoine céanna i mbun oibre ar phlean teicneolaíocht don Ghaeilge anois, faoi scáth Roinn na Gaeltachta, agus le cúnamh Dé tiocfaidh tuilleadh airgid chun cinn mar thoradh ar an bplean.

An rud eile atá ag teastáil ná comhoibriú níos fearr leis na mórchomhlachtaí teicneolaíochta. Tá saineolas teicneolaíochta agus sonraí againne nach bhfuil ag Google, mar shampla, agus bheadh sé an-éasca feabhas mór a chur ar tháirgí Google cosúil le Google Translate. Agus tá an t-ardán atá acu ag teastáil uainne! Mar shampla, rinne mé aistritheoir Gàidhlig > Gaeilge agus Gaelg > Gaeilge roinnt blianta ó shin, ach is annamh a bhaineann éinne úsáid as; tá sé i bhfad níos éasca rudaí a aistriú go díreach in Chrome.

“Ar an láimh eile, an bhfuil aon deiseanna ann má oibríonn tú le mionteanga? Cé hiad?”

Tá! Tá pobal na Gaeilge an-díograiseach maidir leis an teanga, agus den chuid is mó bíonn siad réidh troid a dhéanamh ar son na teanga nó ar son cearta teanga. Sna cásanna ina rabhamar in ann comhoibriú a dhéanamh leis na comhlachtaí teicneolaíochta, mar shampla an t-aistriúchán a rinneamar ar GMail nó ar WhatsApp, obair dheonach a bhí ann. Ach mar sin féin, bhí sé an-éasca grúpa mór daoine a earcú chun an obair a dhéanamh; thuig siad láithreach an tábhacht a bhaineann leis na táirgí seo a bheith ar fáil i nGaeilge.

“I do thuairim, cad é an dúshlán is mó don teicneolaíocht Ghaelach do na cúig bliana amach romhainn?”

Gan a bheith fágtha as an rás chun samhlacha mór néaracha a chruthú. Tá mé i mbun oibre ar na cúrsaí seo faoi láthair, agus feicim an chumhacht agus na féidearthachtaí atá ann. Ach an taighde atá ar siúl in Google, Facebook, NVIDIA, srl., tá sé dírithe céad faoin gcéad ar Bhéarla. Agus ciallaíonn sé sin go bhfuil an taighde “overfit” ar theangacha gan mórán moirfeolaíochta mar shampla, agus (níos measa) ar theangacha a bhfuil na céadta billiún focal acu le haghaidh traenála. Caithfimid ár dtaighde féin a dhéanamh: cad iad na teicnící is fearr nuair nach bhfuil mórán sonraí traenála agat? Conas is féidir tairbhe a bhaint as na hacmhainní eile atá againn; foclóirí den chéad scoth, saineolas teangeolaíochta, srl.

“Cén fhís atá agat maidir le teicneolaíocht teanga sa bhliain 2050? Cad ba mhaith leat a fheiceáil don teicneolaíocht Ghaelach roimh sin?”

Comhéadain ghutha ar gach gléas/ríomhaire/táirge leictreonach i mbeagnach teanga ar bith. Is é sin an scoilt dhigiteach nua a bheidh ann; beidh an teicneolaíocht ghutha ar fáil i dteangacha áirithe, agus ní bheidh sí ar fáil i dteangacha eile. An chontúirt atá ann ná nach mbeidh daoine sásta cloí leis na teangacha sa dara grúpa. Is é mo thuairim go bhfuil an Ghaeilge go díreach ar an teorainn faoi láthair. Le fís fhadtéarmach, tuilleadh infheistíochta ón Rialtas, agus comhoibriú le comhlachtaí teic, beimid in ann an sliabh a dhreapadh. Ach níl sé deacair malairt an scéil a shamhlú ach oiread.

Naisc

  • Cadhan: na hacmhainní Gaeilge go léir ag Kevin
  • Intergaelic: Aistriúchán meaisín idir Gàidhlig agus Gaeilge, agus Gaelg  agus Gaeilge
  • Léacht a thug Kevin faoi “ailtireacht seirbhís-bhunaithe” do Teicneolaíochtaí Gaeilge

Share